About Music Generation Galway County
Creating Opportunities Through Music
Music Generation Galway County is a subsidised performance music education programme providing children and young people up to 18 years of age with access to high-quality music education and performance opportunities.
Initiated by Music Network in 2010 with founding philanthropic support from U2 and The Ireland Funds, Music Generation has since expanded to 29 regions across Ireland, providing high-quality performance music education to approximately 130,000 children and young people annually.
Approved in 2017 and launched in early 2018, Music Generation Galway County is managed locally by Galway and Roscommon Education and Training Board (GRETB), in partnership with Galway County Council and supported by a wide network of local, regional and national organisations.
Under the leadership of Music Development Officer Eric Cunningham, Music Generation Galway County has grown into one of the county’s most extensive youth music initiatives, engaging over 6,000 children and young people across 70 unique venues throughout Galway County. Its extensive provision includes more than 40 schools, 14 after-school Music Hubs, and a broad range of programmes delivered in partnership with youth services and community organisations.
With a strong commitment to accessibility, inclusion and progression, the programme reaches communities throughout Galway County, including rural areas, the Connemara Gaeltacht and the Aran Islands. Its geographical reach extends to Ireland’s most westerly Music Generation programme, delivering weekly tuition as Gaeilge at Áras Éanna on Inis Oírr, Europe’s most westerly arts centre.
The team at Music Generation Galway County takes particular pride in its extensive range of dedicated initiatives supporting children and young people with additional needs, those experiencing social or economic disadvantage, and others who may face barriers to participation.
Beyond weekly tuition, Music Generation Galway County creates opportunities for young musicians to collaborate, perform and learn directly from leading professional artists through ensembles, concerts, workshops, festivals and special projects. Initiatives such as Galway TradFest provide exciting pathways for young performers to develop their musical abilities, build confidence and gain valuable performance experience.
At its heart, Music Generation Galway County is committed to making music accessible to every child and young person, regardless of background, ability or location, while nurturing the next generation of musicians, performers and creative talent.
Music Generation Galway County – Contact Details
Music Generation Building | GRETB HQ | An Coiléar Bán | Athenry, Co. Galway
Email: musicgenerationgalway@gretb.ie
Maidir Le Music Generation Chontae Na Gaillimhe
Deiseanna a Chruthú tríd an gCeol
Clár oideachais ceoil taibhithe fóirdheontais is ea Music Generation Chontae na Gaillimhe a éascaíonn deiseanna do leanaí agus daoine óga suas go dtí 18 mbliain a bheith páirteach in oideachas agus taibhithe ceoil ar ardchaighdeán.
Thionscain Music Network in 2010 é le tacaíocht dhaonchairdiúil ó U2 agus Cistí na hÉireann agus tá Music Generation ag feidhmiú anois i 29 réigiún ar fud na hÉireann, agus oideachas ceoil taibhithe ar ardchaighdeán á chur ar fáil aige do thart ar 130,000 leanbh agus duine óg in aghaidh na bliana.
Faomhadh Music Generation Chontae na Gaillimhe in 2017 agus seoladh go luath in 2018 é. Tá sé á bhainistiú go háitiúil ag Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin (GRETB) i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae na Gaillimhe agus tacaíocht á fáil aige ó líonra leathan eagraíochtaí áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta.
Is é Eric Cunningham Oifigeach Forbartha Ceoil Music Generation Chontae na Gaillimhe agus fágann an fhorbairt atá tagtha air faoina cheannaireacht gur ceann de thionscnaimh ceoil don óige is fairsinge sa chontae atá anois ann a bhfuil breis agus 6,000 leanbh agus duine óg páirteach ann i 70 ionad ar leith ar fud Chontae na Gaillimhe. Áirítear leis an soláthar sin níos mó ná 40 scoil, 14 Mol Ceoil iar-scoile mar aon le raon leathan clár atá á seachadadh i gcomhpháirtíocht le seirbhísí don óige agus le heagraíochtaí pobail.
Tá tiomantas láidir sa chlár don inrochtaineacht, don chuimsitheacht agus don fhorchéimniú agus éiríonn leis an gclár pobail ar fud chontae na Gaillimhe a bhaint amach, Gaeltacht Chonamara agus Oileáin Árann san áireamh. Tá clár Music Generation is faide siar i dtéarmaí geografacha ar siúl in Áras Éanna, Inis Oírr, arb é an t-ionad ealaíona is faide siar san Eoraip é, agus teagasc trí Ghaeilge ar siúl ann gach seachtain.
Údar mórtais ar leith do Music Generation Chontae na Gaillimhe is é an raon leathan tionscnamh atá aige d’fhonn tacú le leanaí agus daoine óga a bhfuil riachtanais bhreise acu, iad siúd atá faoi mhíbhuntáiste sóisialta nó eacnamaíoch, chomh maith leo siúd a d’fhéadfadh constaicí rannpháirtíochta a bheith rompu.
Anuas ar an teagasc ar bhonn seachtainiúil, tugann Music Generation Chontae na Gaillimhe deiseanna do cheoltóirí óga comhoibriú le chéile agus seinnt le chéile, agus foghlaim go díreach ó thaibhealaíontóirí gairmiúla mór le rá trí ghrúpaí ceoil, ceolchoirmeacha, ceardlanna, féilte agus tionscnaimh speisialta. Tugann tionscnaimh cosúil le Féile Cheoil Thraidisiúnta na Gaillimhe deiseanna spreagúla do thaibheoirí óga a gcumais ceoil a fhorbairt, a muinín a chothú agus taithí luachmhar ar an stáitse a fháil.
An príomhchuspóir atá ag Music Generation Chontae na Gaillimhe rochtain ar cheol a éascú do gach leanbh agus duine óg, beag beann ar a gcúlra, a gcumas ná an áit a bhfuil siad lonnaithe, agus an chéad ghlúin eile de cheoltóirí agus taibheoirí a chothú.