Galway TradFest returns for third year with major programme of music, song, dance and opportunities for young people
9–15 November 2026 | Across Galway
Galway TradFest returns from 9–15 November 2026 for its third year, bringing an ambitious week-long celebration of Irish traditional music, song, dance and culture to schools, venues and communities across Galway.
Produced by Music Generation Galway County and first launched in November 2024, the festival is built around a clear purpose: providing children and young people across Galway with exceptional access to high-quality traditional music, song and dance experiences within their own county. Through workshops, mentoring, school programmes, céilithe and performances, the festival creates opportunities for young people to learn directly from leading artists and develop their skills.
The 2026 programme brings together an extensive line-up of performers, tutors and acts, including Sharon Shannon, Mike McGoldrick, Séamus & Caoimhe Uí Fhlatharta, Máire Ní Churraoin, Pólca 4, NxNW, NOTIFY, BEO, Laura Jo, Ryan Molloy, Tara Breen, Noel Hill, Seán Keane, Teague & Joyce, Becky Ní Éallaithe, Alannah Thornburgh, Pádraig Rynne, Jillian O’Malley, Máire Nic Dhiarmada, David Doocey, Megan Nic Fhionnghaile, Patrick Doocey, Emma O’Sullivan, Conor Connolly, Elaine O’Reilly, Pádraic Keane, Christy Mac Gearailt, Róisín Ní Mhainín and Ceol Connected.
GEATA – the educational pillar of Galway TradFest
GEATA, the Irish word for “gate” or “gateway”, is the educational pillar of Galway TradFest. It opens pathways for children and young people through masterclasses, workshops, mentoring, instrument taster sessions, artist collaborations and performance opportunities, from introductory experiences to advanced-level participation.
On Friday, 13 November, Sharon Shannon and Mike McGoldrick will headline CASADH at the Black Box Theatre, Galway, performing alongside approximately 80 young traditional musicians who will have completed a dedicated programme of workshops and rehearsals. Celebrated Galway singer Seán Keane will also visit four primary schools, where 288 pupils will have prepared his repertoire through a series of in-school workshops ahead of performances for their school communities.
On Saturday, 14 November, Coláiste Bhaile Chláir, Claregalway, will host the GEATA Masterclasses for young musicians aged 8–18, with leading traditional tutors and performers. Céilí and sean-nós dance will also feature prominently through school-based workshops and festival céilithe, with contributions from Christy Mac Gearailt, Róisín Ní Mhainín, Becky Ní Éallaithe and Pólca 4.
Ceol Connected will introduce approximately 400 young people to traditional music and theatre through SongTales sa Spéir and Sensory SongTales. On Sunday, 15 November, LASADH – A Traditional Youth Music Showcase will celebrate emerging performers, headlined by BEO, Music Generation Galway County’s new youth ensemble, in a professionally produced and live-streamed event.
Irish language, Gaeltacht participation and inclusion
The Irish language will have a particularly strong presence in 2026. Through bilingual programming and a partnership with Ealaín na Gaeltachta, the festival will deliver its most extensive engagement to date with children and young people living in the Galway Gaeltacht.
GLÓR – From the Classroom to the Concert Stage will bring more than 80 young singers from Connemara Gaeltacht schools together for a series of workshops, culminating in a performance alongside Séamus and Caoimhe Uí Fhlatharta and Máire Ní Churraoin at the Connemara Coast Hotel.
Access and inclusion remain central to Galway TradFest and GEATA. Activities will reach rural communities, schools and youth projects, with targeted opportunities for young people who may face barriers to participation, including those in IPAS centres and children and young people with additional needs.
About Music Generation Galway County
Managed locally by Galway and Roscommon Education and Training Board (GRETB), Music Generation Galway County provides subsidised performance music education for children and young people up to 18 years of age. It engages more than 6,000 participants on an ongoing basis across 70 unique venues throughout County Galway. It forms part of Music Generation, Ireland’s national music education programme.
Funding and partners
Galway TradFest and GEATA are initiatives of Music Generation Galway County, supported by Galway and Roscommon Education and Training Board (GRETB – Lead Partner), Galway County Council, Music Generation, Ealaín na Gaeltachta, the Arts Council / An Chomhairle Ealaíon, the Department of Education and Youth, U2, The Ireland Funds and Creative Ireland’s Local Creative Youth Partnership, amongst others.
Galway TradFest & GEATA 2026 | 9–15 November 2026 | Across Galway
Further information: musicgenerationgalway@gretb.ie
Website: www.galwaytradfest.ie | Social media: @galwaytradfest (Instagram, Facebook and X)
Quote from Music Development Officer and Festival Director Eric Cunningham
“One of the driving ambitions behind Galway TradFest has always been to ensure that children and young people have access to exceptional musical opportunities here at home in Galway. We have an extraordinary wealth of musical talent and tradition in this county, and we want young people to have the opportunity to learn from, collaborate with and perform alongside some of the finest musicians in Irish traditional music, without having to travel elsewhere to access those experiences.
“We have been delighted with the response to the festival over the past two years, from the young people themselves and from the schools, families, communities and artists who have embraced it. The continued development of Galway TradFest aligns closely with Music Generation Galway County’s strategic plans to broaden access, nurture talent and create meaningful opportunities for children and young people across the county.
“I want to particularly acknowledge the outstanding contribution of our 2026 Festival Project Manager, Stephen Doherty, who has worked tirelessly alongside me to develop what we believe will be our most wide-ranging and impactful programme to date.
“Finally, I want to express my sincere appreciation to our Music Generation Galway County staff, funding partners and all those who continue to support the festival. Their commitment, generosity and belief in what we are trying to achieve make this initiative possible. Quite simply, without their support, Galway TradFest could not happen in the way that it does. We look forward to welcoming everyone to what promises to be a very special week in November.”
Filleann Féile Cheoil Thraidisiúnta na Gaillimhe don tríú bliain le clár cuimsitheach ceoil, amhránaíochta, damhsa agus deiseanna do dhaoine óga
9–15 Samhain 2026 | Ar fud na Gaillimhe
Beidh Féile Cheoil Thraidisiúnta na Gaillimhe á reáchtáil arís an 9–15 Samhain 2026 don tríú bliain. Clár ceiliúrtha uaillmhianach atá ann ina gcuirfear ceol, amhránaíocht, damhsa agus cultúr na hÉireann i láthair daoine óga i scoileanna, ionaid agus pobail ar fud na Gaillimhe.
Is é Music Generation Chontae na Gaillimhe atá taobh thiar den fhéile agus i mbun a reáchtála, ar seoladh í i mí na Samhna 2024. An cuspóir soiléir atá ag an bhféile rochtain eisceachtúil a thabhairt do leanaí agus daoine óga ar fud na Gaillimhe ar eispéiris cheoil thraidisiúnta, amhránaíochta agus damhsa ar ardchaighdeán laistigh dá gcontae féin. Baineann an fhéile úsáid as ceardlanna, meantóireacht, cláir scoile, céilithe agus taibhléirithe chun deiseanna a chruthú do dhaoine óga foghlaim go díreach ó thaibheoirí mór le rá, agus a gcuid scileanna a fhorbairt.
Liosta le háireamh is ea na taibheoirí, teagascóirí agus bannaí ceoil atá ar chlár 2026 agus áirítear leo Sharon Shannon, Mike McGoldrick, Séamus & Caoimhe Uí Fhlatharta, Máire Ní Churraoin, Pólca 4, NxNW, NOTIFY, BEO, Laura Jo, Ryan Molloy, Tara Breen, Noel Hill, Seán Keane, Teague & Joyce, Becky Ní Éallaithe, Alannah Thornburgh, Pádraig Rynne, Jillian O’Malley, Máire Nic Dhiarmada, David Doocey, Megan Nic Fhionnghaile, Patrick Doocey, Emma O’Sullivan, Conor Connolly, Elaine O’Reilly, Pádraic Keane, Christy Mac Gearailt, Róisín Ní Mhainín agus Ceol Connected.
GEATA – gné oideachais Fhéile Cheoil Thraidisiúnta na Gaillimhe
GEATA an t-ainm atá ar ghné oideachais Fhéile Cheoil Thraidisiúnta na Gaillimhe. Tugann sé deiseanna foghlama do leanaí agus daoine óga trí mháistir-ranganna, ceardlanna, meantóireacht, seisiúin thrialacha le huirlisí, comhoibrithe le ceoltóirí agus damhsóirí agus amhránaithe chomh maith le deiseanna taibhithe. Tá idir éispéirís tosaigh agus rannpháirtíocht ardleibhéil i gceist.
Beidh Sharon Shannon agus Mike McGoldrick ina bpríomhthaibheoirí ag CASADH, Dé hAoine, an 13 Samhain, in Amharclann an Black Box, Gaillimh, agus iad ar an stáitse in éineacht le isteach is amach le 80 ceoltóir traidisiúnta óg a bhfuil an clár sainiúil ceardlann agus cleachtadh déanta acu. Tabharfaidh amhránaí clúiteach na Gaillimhe, Seán Keane, cuairt ar na ceithre bhunscoil inar ullmhaigh 288 dalta a stór amhrán i gceardlanna scoile sula ndéanfaidh siad iad a chanadh dá bpobail scoile.
Beidh Máistir-ranganna GEATA á reáchtáil Dé Sathairn, an 14 Samhain, i gColáiste Bhaile Chláir, Baile Chláir, do cheoltóirí óga idir 8 mbliana d’aois agus 18 mbliain faoi threoir teagascóirí agus taibheoirí mór le rá. Beidh ról lárnach ag céilí agus damhsa ar an sean nós chomh maith i gceardlanna scoile agus i gcéilithe na féile, agus páirt a glacadh iontu ag Christy Mac Gearailt, Róisín Ní Mhainín, Becky Ní Éallaithe agus Pólca 4.
Tabharfaidh Ceol Connected spléachadh ar an gceol traidisiúnta agus an amharclannaíocht do thart ar 400 duine óg trí SongTales sa Spéir agus Sensory SongTales. Déanfar ceiliúradh Dé Domhnaigh, an 15 Samhain ar thaibheoirí atá ag teacht chun cinn ag LASADH – Taispeántas Ceoil Thraidisiúnta na nÓg. Is é ensemble nua Music Generation Chontae na Gaillimhe don aos óg, BEO, a bheidh mar phríomhaoi ag an imeacht seo a léireofar go gairmiúil agus a bheidh á bheoshruthú.
An Ghaeilge, rannpháirtíocht na Gaeltachta agus cuimsiú
Beidh an Ghaeilge i lár an aonaigh in 2026. Fágann imeachtaí an chláir agus comhpháirtíocht le hEalaín na Gaeltachta go mbeidh an freastal is mó go nuige seo á dhéanamh ag an bhféile ar leanaí agus daoine oga i nGaeltacht na Gaillimhe.
Tiocfaidh breis agus 80 amhránaí óg ó scoileanna Ghaeltacht Chonamara le chéile faoi choimirce GLÓR – Ón Seomra Ranga go dtí an Stáitse le haghaidh sraith ceardlann, agus beidh deis acu dul ar an stáitse in Óstán an Connemara Coast in éineacht le Séamus agus Caoimhe Uí Fhlatharta agus Máire Ní Churraoin.
Tá sé an-tábhachtach d’Fhéile Cheoil Thraidisiúnta na Gaillimhe agus do GEATA go mbeadh an soláthar a dhéanann siad inrochtana agus cuimsitheach. Beidh fáil ag pobail agus scoileanna tuaithe, agus ag tionscadail don óige, ar na gníomhaíochtaí, agus cuirfear deiseanna spriocdhírithe ar fáil do dhaoine óga a d’fhéadfadh constaicí rannpháirtíochta a bheith rompu, lena n-áirítear iad siúd in ionaid IPAS agus leanaí agus daoine óga a bhfuil riachtanais bhreise acu.
Maidir le Music Generation Chontae na Gaillimhe
Tá Music Generation Chontae na Gaillimhe á bhainistiú go háitiúil ag Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin (GRETB). Cuireann sé oideachas ceoil taibhithe fóirdheontais ar fáil do leanaí agus daoine óga suas go dtí 18 mbliain. Bíonn breis agus 6,000 rannpháirtí páirteach ar bhonn leanúnach i 70 ionad ar leith ar fud Chontae na Gaillimhe. Cuid de chlár oideachais cheoil náisiúnta na hÉireann is ea Music Generation.
Maoiniú agus comhpháirtithe
Tionscnaimh de chuid Music Generation Chontae na Gaillimhe is ea Féile Cheoil Thraidisiúnta na Gaillimhe agus GEATA, agus tacaíocht á fáil acu ó Bhord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin (GRETB – príomhpháirtí), Comhairle Contae na Gaillimhe, Music Generation, Ealaín na Gaeltachta, an Chomhairle Ealaíon, an Roinn Oideachais agus Óige, U2, Cistí na hÉireann agus Comhpháirtíochtaí Áitiúla Óige Cruthaitheach (LCYP) de chuid Éire Ildánach, i measc maoinitheoirí eile.
Féile Cheoil Thraidisiúnta na Gaillimhe & GEATA 2026 | 9–15 Samhain 2026 | Ar fud na Gaillimhe
Tuilleadh eolais: musicgenerationgalway@gretb.ie
Gréasán: www.galwaytradfest.ie | Meáin shóisialta: @galwaytradfest (Instagram, Facebook agus X)
Bhí an méid seo le rá ag Eric Cunningham,
Oifigeach Forbartha Ceoil agus Stiúrthóir na Féile
“Ceann de na huaillmhianta móra atá taobh thiar d’Fhéile Cheoil Thraidisiúnta na Gaillimhe is ea a chinntiú go mbeidh rochtain ag leanaí agus ag daoine óga ar dheiseanna ceoil den scoth anseo i gcontae na Gaillimhe féin. Tá scoth na gceoltóirí againn sa chontae, agus traidisiún láidir ceoil, agus is mian linn go mbeidh an deis ag daoine óga foghlaim agus comhoibriú le roinnt de na ceoltóirí traidisiúnta is fearr in Éirinn, agus dul ar an stáitse in éineacht leo, gan an dualgas a bheith orthu taisteal go dtí áiteanna eile chun na heispéiris sin a bheith acu.
“Tá an-áthas orainn as an gcaoi a ndeachaigh an fhéile i bhfeidhm ar an bpobal le dhá bhliain anuas, idir na daoine óga iad féin agus na scoileanna, teaghlaigh agus taibheoirí a ghlac chucu féin é. Tá dlúthbhaint idir forbairt leanúnach Fhéile Cheoil Thraidisiúnta na Gaillimhe agus pleananna straitéiseacha Music Generation Chontae na Gaillimhe chun rochtain a leathnú, buanna a chothú agus deiseanna bríocha a chruthú do leanaí agus do dhaoine óga sa chontae trí chéile.
“Ba mhaith liom aitheantas faoi leith a thabhairt don chion tairbhe atá déanta ag Bainisteoir Thionscadal na Féile 2026, Stephen Doherty, a bhfuil obair na gcapall déanta aige in éineacht liom chun an clár is fairsinge agus is mó tionchar dár eagraíomar chun dáta a fhorbairt.
“Agus ar deireadh, gabhaim buíochas ó chroí le baill foirne Music Generation Chontae na Gaillimhe, na comhpháirtithe maoinithe agus leo siúd ar fad a thacaíonn leis an bhféile ar bhonn leanúnach. Is ann don tionscnamh seo a bhuíochas lena dtiomantas siúd, a bhflaithiúlacht agus an creideamh atá acu ina bhfuil ar siúl againn. Níl aon amhras nach mbeifí in ann Féile Cheoil Thraidisiúnta na Gaillimhe a reáchtáil mar atá sé á reáchtáil anois gan a dtacaíocht siúd. Táimid ag súil go mór le fáilte a chur roimh na rannpháirtithe ar fad, agus an pobal, don tseachtain speisialta seo i mí na Samhna.”